Home
Fáilte chuig suíomh idirlíon Scoil Naomh Pádraig, An Chlochbhreac. Is scoil bheag tuaithe muid suite idir Loch Measc agus Loch Coirib i gceantar ghaeltachta. Tá dhá sheomra ranga breá mór againn chomh maith le páirc spraoi, cúirt chispheile agus páirc peil ar chúl na scoile.
Tá trí dhuine dhéag ag freastal ar an scoil i mbliana ó na Naíonáin Bheaga suas go dtí Rang a sé.
Cuireann muid club iarscoile ar fáil Luan go Aoine ón 2:00i.n go dtí 5:30i.n. Chomh maith le sin bíonn grúpa spraoi againn uair sa mí agus cuireann muid fáilte mhór roimh pháistí óga teacht ag an ngrúpa seo.
Tá an-bhéim againn ar an gcuraclam nua mata agus díríonn muid isteach ar na páistí a bheith gníomhach ina gcuid foghlama. Chomh maith le sin déanann muid an-bhéim a chuir ar STEM agus tá cupla gradam bainte amach againn.
Welcome to Scoil Naomh Pádraig, Cloughbrack. We are a small Gaeltacht, rural school and we are situated between Loch Measc and Loch Coirib. We are very lucky to have two spacious classrooms, a basketball court, a playground and a small pitch at the back of the school.
Currently we have 13 pupils enrolled in the school.
We provide an afterschool service Monday to Friday from 2:00pm to 5:30pm. We also run a toddler group once a month and welcome all children to this event.
We are very fortunate to have such a big area for the children to learn. During our math lessons we use the environment in our learning. We also participate in STEM (Science Technology Engineering and Maths) and have been presented with a few awards from Curious Minds.
